Skip to main content
LOGIN REGISTER

Search-Courses

Category

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol/Access to Information on the Environment

CEC Logo

Iarratas a dhéanamh ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC)

Tá an ceart agat faisnéis áirithe a fháil faoin gcomhshaol ó Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir faoi Rialacháin na bPobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 (arna leasú). Leagtar amach sa reachtaíocht RFC na nósanna imeachta do rochtain phoiblí ar fhaisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh comhlachtaí poiblí. 

Má tá tú ag iarraidh iarratas a dhéanamh chuig Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir faoin reachtaíocht RFC, iarraimid ort d’iarratas a chur go leictreonach chuig an seoladh ríomhphoist This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. nó i scríbhinn chuig: Oifigeach SF, Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir, Oifigí an Rialtais, Bóthar Chill Rois, Inis, Co. an Chláir. 

I d’iarratas, iarraimid ort an méid a leanas a dhéanamh:

  • Sonraigh go bhfuil an t-iarratas seo á dhéanamh agat faoin reachtaíocht RFC, agus luaigh go soiléir an fhaisnéis chomhshaoil atá á hiarraidh agat. 
  • Déan iarracht le do thoil a oiread sonraí agus is féidir a chur ar fáil ionas gur féidir linn d’iarratas a phróiseáil go héifeachtach.
  • Cuir do sheoladh fillte isteach.

Gheobhaidh tú freagra laistigh de mhí amháin ón dáta a fuair Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir an t-iarratas.

Access to Information on the Environment
Make an Access to Information on the Environment (AIE) Request

You have the right to obtain certain environmental information from Clare Education Centre under the European Communities (Access to Information on the Environment) Regulations 2007 (as amended). The AIE legislation sets out the procedures for public access to information relating to the environment held by public bodies.

To make a request to Clare Education Centre under AIE legislation, we ask that you submit your request electronically to the email address This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. or in writing to: FOI Officer, Clare Education Centre, Government Buildings, Kilrush Road, Ennis, Co Clare.

 In your request, we ask that you:

• Specify that you are making the request under AIE legislation and clearly state the environmental information that you are requesting

• Please try to provide as much detail as possible to enable us to process your request efficiently

• Include your return address

You will receive a response within one month from the date on which the request is received by Clare Education Centre.


Séanadh/ Nóta

Tabhair do d’aire go bhféadfaí iarratais RFC a dhiúltú ar fhorais shainordaitheacha áirithe (faisnéis phearsanta/ faisnéis tríú páirtí) nó ar fhorais lánroghnacha (rúndacht tráchtála srl.). 

Disclaimer/Note

Please be advised that Public bodies may refuse AIE requests on certain mandatory grounds (personal information/third party information) or discretionary grounds (commercial confidentiality etc).


Táillí

Níl aon táille tosaigh ag baint le hiarratas RFC a dhéanamh. D’fhéadfadh údarás poiblí táille réasúnta a ghearradh, áfach, as an bhfaisnéis atá de dhíth a chur ar fáil, lena n-áirítear táillí fótachóipeála, táillí priontála agus táillí postais. Tabhair do d’aire go ngearrtar €0.10 in aghaidh an leathanaigh d’fhótachóipeáil agus go n-úsáidtear postas de réir na ngnáthrátaí is infheidhme. 

Charges

There is no initial fee for making and AIE request. However, a public authority may charge a reasonable fee for supplying the information required, including photocopying fees, printing fees and postage fees.  Please note that photocopying is charged at €0.10 per sheet and postage is as per standard rates applicable.


Achomhairc

Más maith leat achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh a rinne Aonad RFC Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir, is féidir leat é sin a dhéanamh trí iarratas i scríbhinn a sheoladh ag iarraidh ar athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh. Seol d’iarratas athbhreithnithe chuig an seoladh seo le do thoil: Coiste Bainistíochta, Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir, Oifigí an Rialtais, Bóthar Chill Rois, Inis, Co. an Chláir. 

Más rud é nach bhfuil tú sásta leis an gcinneadh i ndiaidh an athbhreithnithe inmheánaigh agus gur mhaith leat gearán nó achomharc a dhéanamh arís, is féidir leat é sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (“CFC”). Ní mór duit achomharc nó gearán a dhéanamh chuig an CFC laistigh de mhí amháin ó fuair tú an cinneadh athbhreithnithe ó Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir. 

Appeals

If you would like to appeal a decision made by the Clare Education Centre AIE Unit, you can do so by sending a request in writing asking for an internal review of the decision.  Please address your review request to: Management Committee, Clare Education Centre, Government Buildings, Kilrush Road, Ennis, Co Clare.

If after the internal review, you are unsatisfied with the decision and would like to make a complaint or appeal the decision again, you can do so by contacting the Office of the Commissioner for Environmental Information (“CEI”). You must appeal or make a complaint to the CEI within one month of getting the reviewed decision from Clare Education Centre.