Mol Mata agus An Tairseach – Suíomhanna nua Ó COGG Chun Tacú Le Múinteoirí Bunscoile (P)
DATE: Thursday, 15 September 2022 TIME: 4pm - 6pm VENUE: Clare Education Centre, Ennis
Is comhthionscadal é seo idir CCEA agus An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhar le PDST. Tá sé de chuspóir ag an tionscadal tacú leis an dá churaclam ó thuaidh agus ó dheas maidir le teagasc na matamaitice. Leis an chuspóir seo a bhaint amach, tá réimse uirlisí agus láimhseoga ar líne, cluichí agus gníomhaíochtaí ceannoscailte. Dearadh iad seo go speisialta le deis a thabhairt do mhúinteoirí agus do dhaltaí i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta a gcuid smaointeoireachta agus teanga mhatamaiticiúil a fhorbairt ar bhealach spraíúil.
Tá an suíomh seo ina cheithre chuid: 1. Láimhseoga ar líne 2. Cluichí / Gníomhaíochtaí Ceannoscailte 3. Banc Gníomhaíochtaí Tairseach Íseal Buaicphointe Ard 4. Tacaíocht do mhúinteoirí