Litríocht Nua na hArdteiste – Deireadh na Feide agus Eoinín na n-Éan
Leaving Cert New Literature – The End of the Fife and Eoinín na n'Éan
Dáta: Dé Máirt, 21ú Deireadh Fómhair 2025
Am: 7 - 8 pm
Suíomh: Ar líne trí Zoom
DATE: Tuesday, 21st October 2025
TIME: 7pm - 8pm
VENUE: Online Via Zoom
Target group: Irish teachers teaching 5th year in September 2025 – Higher and Ordinary Level. It will be very suitable for teachers who are not yet familiar with the texts.
Spriocghrúpa: Múinteoirí Gaeilge atá ag múineadh an 5ú bliain i Meán Fómhair 2025 – Ardleibhéal agus Gnáthleibhéal. Beidh sé an-oiriúnach do mhúinteoirí gan mórán aithne ar na téacsanna go fóill.
Tabharfar léargas ar dhá théacs atá ar an tsonraíocht nua – An dán Deireadh na Féide le hAilbhe Ní Ghearbhuig agus an gearrscannán Eoinín na n-Éan. Déanfar anailís ar na teicnící litríochta atá le feiceáil iontu chomh maith le téamaí agus mothúcháin a bheidh oiriúnach agus éasca le plé le ranganna ar leibhéil éagsúla. Molfar ceisteanna scrúduithe agus tascanna breise chun anailís dhomhain a spreagadh.
Beathaisnéis an Láithreora: Vikki Ní Bhréin
Is múinteoir Gaeilge agus tíreolais í Vikki Ní Bhréin le 15 bliana de thaithí ag múineadh i gcomhthéacsanna leathana. Chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge i Chicopee, MA le Fulbright agus chaith sí seal ag oibriú mar theagascóir i gCOBÁC. Faoi láthair tá sí ag oibriú mar shaineolaí ábhair le Studyclix ar an ardán nua – Irish Boost. Roinneann sí smaointe agus acmhainní ar a leathanach Instagram: @seomra_inine
Course date | 21-10-2025 7:00 pm |
End Date | 21-10-2025 8:00 pm |
Capacity | 1000 |
Fee | Free |
Tutor - Speaker | Vikki Ní Bhréin |
Select Hours | 1 |
Location | Online via Zoom |