Tascanna trasteangeolaíocha – Ag aithint samplaí (PP)

Tweet
Tascanna trasteangeolaíocha – Ag aithint samplaí (PP)

Tascanna trasteangeolaíocha – Ag aithint samplaí 

DATE:       Dé Luan 24 Samhain 2025
TIME:        7.00-8.30 pm 
VENUE:    Online Via Zoom

  • An múinteoir ábhair tú in iar-bhunscoil lán-Ghaeilge?
  • An bhfuil tú fiosrach maidir le ról an Bhéarla sa seomra ranga?
  • An bhfuil spéis agat foghlaim conas teacht i dtír ar théacsanna/ar fhíseáin i mBéarla chun an teagasc trí Ghaeilge agus tuiscint ar an ábhar a chur chun cinn?

Díreofar ar na nithe sin i sraith ceardlann a bheidh ar siúl ar líne, Dé Máirt, 11, 18, 25 Samhain agus 2 Nollaig.  Bronnfar teastas ag deireadh na sraithe.

Aidhm: Ceardlann 3: Tascanna trasteangeolaíocha – Ag aithint samplaí

Sa cheardlann seo, pléifear samplaí de ‘thasc trasteangeolaíoch’ – nuair a dhéantar próiseáil ar eolas i dteanga amháin chun tasc a chur i gcrích i dteanga eile (úsáid a bhaint as físeán YouTube i mBéarla, cuir i gcás, agus tasc bunaithe air a chur i gcrích i nGaeilge). Beidh deis ag rannpháirtithe samplaí de thascanna a fheiceáil agus a phlé.

Cainteoir: An Dr Ailín Ní Chonchúir

an dr. ailin ni chonchuir

Tá an Dr Ailín Ní Chonchúir ag obair le Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ag plé le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh ábhar teagaisc. Tá spéis ar leith aici in oiliúint do mhúinteoirí – múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí cáilithe araon. Tá sí bainteach le fada le teagasc, le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh siollabas ag iliomad leibhéal den chóras oideachais – an leibhéal bunscoile, an leibhéal iar-bhunscoile, an suíomh luathoideachais, an tríú leibhéal agus an earnáil aosoideachais, chomh maith le teagasc na Gaeilge thar lear. Bhain a taighde dochtúireachta le gnéithe d’úsáid an Bhéarla sa suíomh iar-bhunscoile lán-Ghaeilge.

Course Properties

Course date 24-11-2025 7:00 pm
End Date 24-11-2025 8:30 pm
Capacity 1000
Fee Free
Tutor - Speaker Dr Ailín Ní Chonchúir
Select Hours 1.5
Location Online via Zoom