DATE: Monday, 16th October 2023 TIME: 18:00 - 19:00 VENUE: Online Via Zoom
Tabharfaidh Tomás Ó Madagáin ceardlann ar Bhéaltriail na Gaeilge. Beidh an cheardlann seo ar líne amháin agus beidh sé ar siúl idir 18.00 agus 19.00 ar an Luan, 16ú de mhí Dheireadh Fómhair, 2023.
Ar an oíche clúdófar:
leagan amach na mBéaltrialacha
comhairle ar dhaltaí a ullmhú don scrúdú
An Fáiltiú agus An Fhilíocht
An Comhrá:
Mé féin, mo theaghlach agus mo laethanta saoire
Mo cheantar
Mo scoil
Mo chaitheamh aimsire
Saol an dalta i ndiaidh na scoile
Teicneolaíocht i mo shaol
Saol an déagóra
An Ghaeilge agus An Ghaeltacht
An Timpeallacht
An Córas Sláinte
An Córas Oideachas
Bochtaineacht
Daoine gan dídean
An Modh Coinníollach
Na Sraith Pictiúr:
cur síos a dhéanamh orthu agus ceisteanna a chur agus a fhreagairt
Tomás Ó Madagáin
Múineann Tomás Ó Madagáin Gaeilge agus Gnó in Ardscoil Mhuire, Corrbhaile, Luimneach. Is Scrúdaitheoir Béil é a bhfuil taithí na mblianta aige le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Scríobh sé trí leabhar do Gill Education: Foghlaim agus Cleachtadh, leabhar gramadaí do dhaltaí meánscoile: Bua na Teanga, leabhar do bhéaltriail agus do chluastuiscint na hArdteiste agus Scileanna le hAghaidh Rath Scrúdaithe, leabhar don tSraith Shóisearach.