Múineadh na Gaeilge sa tSraith Shóisearach le Tomás Ó Madagáin
Date: Monday, 13th November 2023
Time: 6pm to 7pm
Venue: Online via Zoom
Tabharfaidh Tomás Ó Madagáin ceardlann ar mhúineadh na Gaeilge don tSraith Shóisearach. Beidh an cheardlann seo ar líne amháin agus beidh sé ar siúl idir 18.00 agus 19.00 ar an Luan, an 13ú de mhí na Samhna 2023.
Sa cheardlann:
Pléfear an scrúdú agus conas daltaí na Sraithe Sóisearaí a ullmhú don scrúdú.
Rachfar tríd roinnt bealaí leis an litríocht a mhúineadh. Léireofar ceisteanna agus freagraí samplacha ar an litríocht.
Labhrófar maidir leis an úrscéal sa tSraith Shóisearach agus conas an t-úrscéal a mhúineadh ar bhealach atá spraoiúíl sa rang.
Ar an tráthnóna imreoidh na rannpháirtithe cluiche amháin trí Quizlet beo mar chuid den cheadrlann. Gheobhaidh buaiteoirí an chluiche seo dearbhán do chách.
Tomás Ó Madagáin
Múineann Tomás Ó Madagáin Gaeilge agus Gnó in Ardscoil Mhuire, Corrbhaile, Luimneach. Is Scrúdaitheoir Béil é a bhfuil taithí na mblianta aige le Coimisiún na Scrúduithe Stáit. Scríobh sé trí leabhar do Gill Education: Foghlaim agus Cleachtadh, leabhar gramadaí do dhaltaí meánscoile: Bua na Teanga, leabhar do bhéaltriail agus do chluastuiscint na hArdteiste agus Scileanna le hAghaidh Rath Scrúdaithe, leabhar don tSraith Shóisearach.