Pobal Cleachtais STEAM ag Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir
Pobal Cleachtais STEAM ag Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir
I mí Dheireadh Fómhair 2019, bhuail an Pobal Cleachtais STEAM le chéile den chéad uair riamh. Bhí thart ar dhá mhúinteoir déag ann, a ghlac páirt i seisiúin ar fhorbairt ghairmiúil ar STEAM roimhe sin a bhí ar siúl in Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir. Ba í an aidhm leis an bPobal Cleachtais STEAM ná an chumarsáid a choinneáil suas idir Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir agus scoileanna, agus iadsan a thaispeáint dúinn conas is féidir le hIonad Tacaíochta Oideachais an Chláir cúnamh a thabhairt dóibh ina seomraí ranga agus scoileanna. Ina dhiaidh sin, bhuail múinteoirí le chéile go rialta agus tá réimse tacaíochtaí forbartha acu dá gcomhleacaithe chun múineadh agus foghlaim STEAM a chur chun cinn, lena n-áirítear eagrúchán Teachmeets STEAM beo agus fíorúla. Nuair a dúnadh scoileanna le linn na paindéime Covid, chomhoibrigh an grúpa le chéile chun dúshláin sheachtainúla STEAM a fhoilsiú do bhunscoileanna. Bhí na dúshláin seo feiliúnach le déanamh sa bhaile agus spreagadh na páistí físeáin agus pictiúir dá dtionscadail chríochnaithe a sheoladh isteach. Le himeacht aimsire, tháinig fás leanúnach ar an spéis a léiríodh sna dúshláin STEAM agus i mí an Mheithimh 2020 bhí na céadta páiste rannpháirteach iontu sa bhaile.
Bhí an méid rannpháirtíochta sin sna dúshláin STEAM go ndearna an Pobal Cleachtais ina dhiaidh sin sraith seimineár gréasáin STEAM a ullmhú, a eagrú agus a sheachadadh, i dtús báire do mhúinteoirí i gCo. an Chláir, agus ina dhiaidh sin do mhúinteoirí ó na páirtithe ar fad a bhí bainteach leis an tionscadal STEAMING Erasmus+. I ndiaidh dóibh an leibhéal caighdeáin a ardú, bheartaigh an Pobal Cleachtais irisleabhar STEAM a dhéanamh. I ngach foilseachán, phléifí gné amháin d’fhoghlaim STEAM agus chuirfí go leor smaointe leis sin le haghaidh ceachtanna STEAM. Foilsíodh Full STEAM Ahead tar éis sin, a fuair tacaíocht ón tionscadal STEAMING Erasmus+. Tá na hirisleabhair Full STEAM Ahead mar chuid den bhailiúchán acmhainní, a chuirfear ar fáil mar thorthaí ón Tionscadal STEAMING Erasmus+. Is sampla den scoth iad na hirisleabhair den chaoi ar féidir le tionscadal idirnáisiúnta Erasmus+ tionchar fíorshuntasach a bheith aige ar mhúineadh agus foghlaim sna scoileanna rannpháirteacha aonair agus taobh thall de sin.
Tionscadal STEAMING Erasmus+
Erasmus+ 2019-1-IE01-KA201-051545
Is tionscadal Erasmus+ KA2 é ‘STEAMING’ ar cuireadh tús leis i mí Mheán Fómhair 2019, agus dáta críochnaithe mhí Lúnasa 2022 aige. Sprioc atá ag an tionscadal is ea dul i ngleic le daltaí i gcruthú a gcuid foghlama STEAM féin. Is clár taighde agus forbartha san oideachas agus in oiliúint STEAM é an tionscadal. STEAM is ea an t-acrainm ar Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Ealaíon agus Matamaitic. Tá an tionscadal faoi stiúir Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir i gcomhar le Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach agus institiúidí oideachais ón gCróit, an Iorua agus an Phortaingéil.
Beidh na trí bhunscoil a leanas ón gClár ag glacadh páirte sa tionscadal:
- Scoil Náisiúnta na Creatlaí
- Scoil Náisiúnta Mhuileann Uí Cheallacháin
- Scoil Náisiúnta Chill Rois
Bhí scoileanna rannpháirteach go gníomhach i gcás-staidéir, físeáin tionscadail, forbairt ghairmiúil agus cruthú acmhainní tionscadail a fhorbairt. Is léiriú ar fhoireann na scoileanna a bhí bainteach leis an tionscadal gur chaomhnaigh siad agus gur chothaigh siad a gcuid rannpháirtíochta sa tionscadal, cé go raibh deacrachtaí agus teorainneacha acu a bhí ag dul ar aghaidh le linn na paindéime Covid, a bhí ann ar feadh beagnach fad an tionscadail uilig go dtí seo.
Bhí an fhoireann STEM ó Choláiste Mhuire gan Smál thar a bheith tacúil i rith an tionscadail agus tá tuarascáil úrscothach foilsithe acu bunaithe ar an áit atá ag STEAM i scoileanna Gaelacha. Cuireadh leis seo trí thaighde ó na trí scoil rannpháirteach. Chuir an fhoireann ó Choláiste Mhuire gan Smál breis páipéar taighde ábhartha ar fáil don tionscadal, thug siad ionchuir forbartha gairmiúla i gcruinnithe tionscadail agus imeachtaí oiliúna agus thug siad tacaíocht do na trí scoil rannpháirteach agus d’Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir ina gcuid rannpháirtíochta sa tionscadal. Bhí ár bpáirtithe tionscadail sa Chróit, an Ghréig, an Iorua agus an Phortaingéil, mar an gcéanna, tiomanta don tionscadal agus gach páirtí ag tabhairt cúnaimh trí thuairiscí, cás-staidéir agus físeáin a dhéanamh, chomh maith le hacmhainní a chur ar fáil don tionscadal. Ba é an tairbhe ba mhó, áfach, ná na cruinnithe tionscadail rialta ar líne a rinneadh, áit a raibh comhoibriú, foghlaim agus roinnt den chéad scoth le feiceáil iontu. Mar gheall ar an gcomhoibriú idir na páirtithe, eagraíodh ócáid Foghlama, Mhúinteoireachta agus Oiliúna ar líne ar éirigh go hiontach léi i mí na Samhna 2021, áit ar ghlac múinteoirí agus daltaí ó níos mó ná 60 scoil ar fud na dtíortha comhpháirtíochta páirt iontu. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal dhá chúrsa oiliúna beo a óstáil do mhúinteoirí i 2022, mar aon le comhdháil STEAM idirnáisiúnta a chur ar siúl agus trí sheisiún sa bhreis ar fhorbairt ghairmiúil do rannpháirtithe ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta. Cuirfear acmhainn STEAM chuimsitheach ar fáil do mhúinteoirí freisin agus déanfar í a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an tionscadail.
Tugadh deiseanna iontacha dúinn, trína bheith rannpháirteach sa tionscadal Erasmus+ STEAMING, ár dtuiscint ar STEAM a fhorbairt, a bheith rannpháirteach i bhforbairt ghairmiúil agus múineadh agus foghlaim STEAM a léiriú i mBunscoileanna i gCo. an Chláir. Tugadh bealach iontach dúinn, leis an tionscadal seo, comhoibriú ar mhodheolaíochtaí STEAM, acmhainní agus smaointe agus conas na smaointe seo a chur i dtoll a chéile agus iad a scaipeadh ar mhaithe leis na múinteoirí sa Chlár agus don phobal múinteoireachta i gcoitinne in Éirinn, an Chróit, an Ghréig, an Iorua agus an Phortaingéil.