Skip to main content
LOGIN REGISTER

Search-Courses

Category

Áirithint seomra agus ionad comhdhála in Inis, Co. an Chláir/ Room booking and conference centre in Ennis, Co. Clare

Áirithintí Seomra/ Room Bookings  Fón/ T: 065 684 5500 | R-phost/ E: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

clare education centre meeting training room facilities 2023 hres

RÉAMHRÁ/ INTRODUCTION

Is áis den scoth é Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir a chuireann seomraí cruinnithe agus oiliúna úrscothacha ar fáil do scoileanna, gnólachtaí agus eagraíochtaí. Tá ár nionad suite go háisiúil díreach amach ón M18 ar Bhóthar Chill Rois in Inis, laistigh d’achar siúil ó lár an bhaile. Tá réimse áiseanna áitiúla ann freisin agus is féidir teacht ar naisc iompair mhóra go héasca.

Clare Education Centre is a premier facility that provides state-of-the-art meeting and training room facilities for schools, businesses and organisations. Our venue is conveniently located just off the M18 on the Kilrush Road in Ennis, within walking distance of the town centre, a range of local amenities and easy access of major transportation links.

ÁISEANNA/ FACILITIES

Cinntíonn an pháirceáil shaor in aisce gur féidir le freastalaithe teacht ar an ionad go héasca. Chomh maith leis sin, tá WiFi saor in aisce agus áiseanna físchomhdhála ar fáil a ligeann d’úsáideoirí fanacht ceangailte agus rochtain a fháil ar acmhainní ar líne gan stró.

The provision of free car parking ensures that attendees can easily access the centre. Additionally, complimentary WiFi along with video conferencing facilities are available allowing users to stay connected and access online resources effortlessly.

LÓNADÓIREACHT/ CATERING

Cuireann an t-ionad réimse roghanna lónadóireachta ar fáil ó sholáthróirí áitiúla, rud a chinntíonn gur féidir le freastalaithe taitneamh a bhaint as béilí agus sóláistí blasta le linn a gcuid ama san ionad.

The centre offers a range of catering options sourced from local suppliers ensuring that attendees can enjoy delicious meals and refreshments during their time at the centre.

SOCRÚ SEOMRA/ ROOM SET UP

Cuireann Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir leibhéal iontach solúbthachta ar fáil maidir le húsáid a seomraí cruinnithe agus oiliúna. Le háiseanna úrscothacha agus leagan amach ilfheidhmeach, freastalaíonn na spásanna seo ar réimse leathan riachtanas. Cibé an bhfuil cruinniú, ceardlann nó imeacht oiliúna á phleanáil agat, is féidir ár seomraí a oiriúnú go héasca chun freastal ar do spriocanna ar leith. Tá Ionad Tacaíochta Oideachais an Chláir oiriúnach ar fad don chéad chruinniú nó imeacht oiliúna eile a bheidh agat, lenár n-áiseanna den scoth agus foireann chairdiúil agus ghairmiúil.

Clare Education Centre offers a remarkable level of flexibility when it comes to the use of its meeting and training room facilities. With state-of-the- art amenities and a versatile setup, these spaces cater to a wide range of needs and requirements. Whether you are planning a meeting, a workshop, or a training event, our rooms can be easily tailored to accommodate your specific goals. With our exceptional facilities and friendly, professional staff, Clare Education Centre is ideal for your next meeting or training event.

ÁISEANNA FÍSCHOMHDHÁLA/ VIDEO CONFERENCING FACILITIES

Ligeann ár n-áiseanna físchomhdhála, atá feistithe le ceamaraí ardghléine, córais fuaime gléghlaine, agus ceangal idirlín iontaofa, do rannpháirtithe ceangal ó áit ar bith ar domhan. Trí na hardghnéithe seo, is féidir le daoine aonair idirghníomhú san fhíor-am, cuir i láthair a roinnt, agus páirt a ghlacadh i ngrúpaí plé gan stró.

Equipped with high-definition cameras, crystal- clear audio systems, and reliable internet connectivity, our video conferencing facilities allow participants to connect from anywhere in the world. Through these advanced features, individuals can interact in real-time, share presentations, and participate in group discussions effortlessly.

clare education centre meeting training room facilities 2023 hres2

clare education centre meeting training room facilities 2023 hres3