 
				Plé ar Ról an Bhéarla sa seomra ranga T1
DATE:       Dé Máirt 11 Samhain 2025. 
TIME:        7.00-8.30 pm 
VENUE:    Online Via Zoom
- An múinteoir ábhair tú in iar-bhunscoil lán-Ghaeilge?
- An bhfuil tú fiosrach maidir le ról an Bhéarla sa seomra ranga?
- An bhfuil spéis agat foghlaim conas teacht i dtír ar théacsanna/ar fhíseáin i mBéarla chun an teagasc trí Ghaeilge agus tuiscint ar an ábhar a chur chun cinn?
Díreofar ar na nithe sin i sraith ceardlann a bheidh ar siúl ar líne, Dé Máirt, 11, 18, 25 Samhain agus 2 Nollaig. Bronnfar teastas ag deireadh na sraithe.
Aidhm: Ceardlann 1: Plé ar Ról an Bhéarla sa seomra ranga T1
Tabharfar deis do rannpháirtithe sa cheardlann seo a ndearcadh agus a dtuairimí faoi ról an Bhéarla sa suíomh lán-Ghaeilge a phlé.
Cainteoir: An Dr Ailín Ní Chonchúir

Tá an Dr Ailín Ní Chonchúir ag obair le Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ag plé le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh ábhar teagaisc. Tá spéis ar leith aici in oiliúint do mhúinteoirí – múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí cáilithe araon. Tá sí bainteach le fada le teagasc, le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh siollabas ag iliomad leibhéal den chóras oideachais – an leibhéal bunscoile, an leibhéal iar-bhunscoile, an suíomh luathoideachais, an tríú leibhéal agus an earnáil aosoideachais, chomh maith le teagasc na Gaeilge thar lear. Bhain a taighde dochtúireachta le gnéithe d’úsáid an Bhéarla sa suíomh iar-bhunscoile lán-Ghaeilge.
Course Properties
| Course date | 11-11-2025 7:00 pm | 
| End Date | 11-11-2025 8:30 pm | 
| Capacity | 1000 | 
| Fee | Free | 
| Tutor - Speaker | Dr Ailín Ní Chonchúir | 
| Select Hours | 1.5 | 
| Location | Online via Zoom | 
