 
				Tascanna trasteangeolaíocha – Intreoir T1
DATE:       Dé Máirt 18 Samhain 2025
TIME:        7.00-8.30 pm 
VENUE:    Online Via Zoom
- An múinteoir ábhair tú in iar-bhunscoil lán-Ghaeilge?
- An bhfuil tú fiosrach maidir le ról an Bhéarla sa seomra ranga?
- An bhfuil spéis agat foghlaim conas teacht i dtír ar théacsanna/ar fhíseáin i mBéarla chun an teagasc trí Ghaeilge agus tuiscint ar an ábhar a chur chun cinn?
Díreofar ar na nithe sin i sraith ceardlann a bheidh ar siúl ar líne, Dé Máirt, 11, 18, 25 Samhain agus 2 Nollaig. Bronnfar teastas ag deireadh na sraithe.
Aidhm: Ceardlann 2: Tascanna trasteangeolaíocha – Intreoir T1
Sa cheardlann seo beidh deis ag rannpháirtithe tuiscint a fháil ar choincheapa nua atá tagtha chun cinn i múineadh teangacha – ‘trasteangú agus ‘idirghabháil thrasteangeolaíoch’ – agus ar na himpleachtaí don teagasc trí Ghaeilge.
Cainteoir: An Dr Ailín Ní Chonchúir

Tá an Dr Ailín Ní Chonchúir ag obair le Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ag plé le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh ábhar teagaisc. Tá spéis ar leith aici in oiliúint do mhúinteoirí – múinteoirí faoi oiliúint agus múinteoirí cáilithe araon. Tá sí bainteach le fada le teagasc, le hoiliúint do mhúinteoirí agus le dearadh siollabas ag iliomad leibhéal den chóras oideachais – an leibhéal bunscoile, an leibhéal iar-bhunscoile, an suíomh luathoideachais, an tríú leibhéal agus an earnáil aosoideachais, chomh maith le teagasc na Gaeilge thar lear. Bhain a taighde dochtúireachta le gnéithe d’úsáid an Bhéarla sa suíomh iar-bhunscoile lán-Ghaeilge.
Course Properties
| Course date | 18-11-2025 7:00 pm | 
| End Date | 18-11-2025 8:30 pm | 
| Capacity | 1000 | 
| Fee | Free | 
| Tutor - Speaker | Dr Ailín Ní Chonchúir | 
| Select Hours | 1.5 | 
| Location | Online via Zoom | 
